An Club Camógaíochta
Bunaíodh Club Camógaíochta Baile an Gharbháin ar feadh tréimhse ghairid sna seascaidí agus athbhunaíodh é sa bhliain 1987. Is iad na mná seo a leanas a bhunaigh an club, An Cathaoirleach , Nora Brady(RIP), Ollie Hallahan, Eily Kidney, Gaye Foster agus Sadie Mackey. Ar dtús ní raibh ach 30 baill sa chlub. Diaidh ar ndiaidh tháinig méadú mór ar líon na himreoirí agus sa lá atá inniu ann tá níos mó ná 150 baill sa chlub. Sa bhliain bhuaigh an club comortaisí Craobh an Chontae faoi dhó dhéag A, faoi cheathair déag B agus faoi sé déag C.
Mar thoradh ar na hoibre go léir a bhí déanta leis na hóganaigh bhuaigh na cáilíní léibhéal Sóisearach B dhá bhliain ina dhiaidh sin. Bhuaigh an club an Craobhchomórtas Sóisearaigh A sa bhliain 2000 agus sé bliana ina dhiaidh sin bhain said céim amach ag an leibhéal is airde i gCorcaigh tar éis dóibh an Craobhchomórtas Sinsearaigh B a bhuachaint.
Is iomaí imreoir ón gclub seo a d’imir le foireann an chontae ag leibhéil éagsúla. Í láthair na huaire tá imreoirí ón gclub ar fhoireann Chorcaí faoi bhun cheathair déag, faoi bhun sé déag , mionúir agus sinsir. Gan dabht , is í Emer Dillon an t-imreoir is cáiliúla atá againn. Tá ceithre bhonn Cluiche Ceannais na hÉireann buaite aici. Treaslaímid leat , Emer.
Latest Events
- 08/02/2012 | 20.00 Night at the dogs launch
- 11/02/2012 | 19.00 Awards night
- 16/03/2012 | 19.30 Night at the Dogs
- 16/07/2012 - 20/07/2012 Cúl Camp





